Job description
Job Type
Temporary Full-Time
Category
Work Fully Onsite
Location
Dublin 4
Salary
Not disclosed
Clár-Eagarthóir, RTÉ
Is é RTÉ eagraíocht náisiúnta mheán seirbhíse poiblí na hÉireann. Mar cheannaire sna meáin, cuireann RTÉ seirbhísí ilmheán ar fáil don phobal in Éirinn agus do lucht spéise go hidirnáisiúnta, seirbhísí atá cuimsitheach, cost-éifeachtúil agus ina saorchraoltaí.
Cuirfear fáilte roimh iarratais ó bhaill foirne atá cáilithe go cuí, ar phost mar Chlár-Eagarthóir i in RTÉ Nuacht agus Cúrsaí Reatha, post a bheidh lonnaithe i nDomhnach Broc i mBaile Átha Cliath.
Post bainistíochta sinsearach é post an Chlár-Eagarthóra, atá freagrach as gach gné den aschur ábhair il-ardáin.
Chuig clár chúrsaí reatha ar RTÉ One a shannfar an té a cheapfar ar dtús, ach is féidir go mbeidh an té sin ag obair ar chláir agus aschur eile nuachta freisin.
Beidh an Clár-Eagarthóir freagrach as gach gné de na cláir a shannfar dó/di, idir chur i láthair, ábhar eagarthóireachta agus digiteach agus bainistiú foirne.
Beidh sí/sé i gceann fhoireann chruthaitheach iriseoireachta agus léiriúcháin. Beidh an Clár-Eagarthóir freagrach as caighdeán an aschuir, as feidhmíocht a mheasúnú agus as caighdeáin iriseoireachta agus láithreoireachta a choinneáil agus a fhorbairt.
Beidh súil go mbeidh an té a cheapfar ag cur le pleanáil, le haschur digiteach chomh maith le measúnú leanúnach an aschuir.
Beidh taithí chruthaithe san iriseoireacht ag an té a cheapfar, chomh maith le géarthuiscint ar chúrsaí nuachta agus taithí shuntasach in earnáil an chlárléiriúcháin agus an chraolta.
Beidh an Clár-Eagarthóir in ann cinntí stuama eagarthóireachta a dhéanamh i réimse leathan ábhar, agus beidh eolas maith aige/aici ar gach gné den saol náisiúnta agus na mórfhorais náisiúnta.
Beidh sárthuiscint ag iarrthóirí ar bheartais eagarthóireachta RTÉ, chomh maith leis na treoirlínte agus reachtaíocht ábhartha.
Ní mór Gaeilge labhartha agus scríofa den chaighdeán is airde bheith ag iarrthóirí, agus beidh orthu a thaispeáint go bhfuil mianach iontu chun an rochtain ar ábhar ilardáin chúrsaí reatha a leathanú ar ardáin éagsúla digiteacha.
Ní mór d’iarrthóirí a thaispeáint go bfhuil an fhís agus an chruthaitheacht iontu le cláir agus ábhar a dhearadh agus a thabhairt i gcrích mar aschur.
Beidh an té a cheapfar ábalta oibriú go cruinn paiteanta faoi bhrú, ábhalta foireann a bhainistiú agus a spreagadh, agus ábalta acmhainní a bhainistiú go héifeachtach.
Beidh an Clár-Eagarthóir tiomanta don aschur atá cothrom, neamhchlaonta agus cuimsitheach.
Post ag leibhéal Bainisteora Grád 2 é an ceapúchán seo, agus déanfar tairiscint ar bhonn chonradh ar cheapúchán seasta lánaimseartha ar feadh dhá bhliana.
Beidh sealobair i gceist lena n-áirítear obair moch ar maidin, déanach sa tráthnóna, deireadh seachtaine agus saoirí bainc.
Iarrtar ar iarrthóirí Curriculum Vitae móide litir clúdaigh ina mbeidh imlíne de choincheapanna agus formáid chun aschur chúrsaí reatha ó Nuacht a fhorbairt (faoi iamh in aon cháipéis amháin) a sholáthar. Beidh an litir ina chuid den phróiséas measúnaithe maraon le hagallamh.
Is é an data scoir d’iarratais Dé hAoine 25 Samhain 2022.
Tá RTÉ tiomanta don éagsúlacht ina lucht saothair agus fáiltíonn roimh iarratais ó dhaoine a bhfuil cúlraí éagsúla acu.
Fostóir comhionannais deise é RTÉ agus déantar iarratais cáilithe a mheas gan beann ar inscne, gnéaschlaonadh, aois, taithí sóisialta, cine ná eitneacht, eagumas, stádas sibhialta ná teaghlaigh, creideamh ná ballraíocht den Lucht Siúíl.

E147202224018
seankuhnke.com is the go-to platform for job seekers looking for the best job postings from around the web. With a focus on quality, the platform guarantees that all job postings are from reliable sources and are up-to-date. It also offers a variety of tools to help users find the perfect job for them, such as searching by location and filtering by industry. Furthermore, seankuhnke.com provides helpful resources like resume tips and career advice to give job seekers an edge in their search. With its commitment to quality and user-friendliness, seankuhnke.com is the ideal place to find your next job.