Job description
Job Type
Full-Time
Category
Work Fully Onsite
Location
Dublin 4
Salary
EUR 47289- 63377 per annum
Eagraí Polaitíochta - RTÉ Raidió na Gaeltachta
Cuireann RTÉ Raidió na Gaeltachta seirbhís chuimsitheach raidió ar fáil do phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge. Sna mórcheantair Ghaeltachta atá príomh stiúideonna na seirbhíse lonnaithe, agus i gCeannáras Raidió RTÉ i nDomhnach Broc, Baile Átha Cliath.
Is mian leis an stáisiún duine a cheapadh mar Eagraí Polaitíochta.
Tá tábhacht ar leith leis an gcraoladh polaitíochta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta. Dlúthchuid den chraoladh nuachta atá ann agus de chraoltaí na seirbhíse ar mhórócáidí, mar shampla; olltoghcháin, toghcháin áitiúla agus Eorpacha, an cháinaisnéis agus eile. Oibríonn an tEagraí Polaitíochta i bpáirt le meitheal dhíograiseach foirne sa Rannóg Nuachta chun eolas tráthúil agus údarásach a choinneáil le cláracha agus feasacháin nuachta.
Beidh tuiscint domhain agus breithiúnas stuama eagarthóireachta ag an té a cheapfar ar an nuacht náisiúnta agus idirnáisiúnta trí chéile chomh maith le saineolas ar fhorais agus institiúidí polaitiúla ar an oileán seo agus san Eoraip. Beidh sár-eolas ag an Eagraí Polaitíochta ar an státchóras, idir ghnóthaí rialtais agus riar na córa. Ní mór cur amach cuimsitheach a bheith ag an té a cheapfar ar páirtithe polaitíochta, an córas rialtais áitiúil agus imeachtaí Údarás na Gaeltachta freisin.
Beidh an té a cheapfar lonnaithe i mBaile Átha Cliath agus freagrach don Eagarthóir Stiúrtha Nuachta.
I measc na ndualgas a bheidh ar an Eagraí Polaitíochta, beidh:
Conradh lán aimseartha mar Chlár Reachtaire ar bhonn leanúnach le scála tuarastail ó €47,289 - €63,377 sa bhliain atá á thairiscint agus ina theannta sin liúntas €5,000 sa bhliain don ról mar Eagraí Polaitíochta.
Iarrtar ar iarrthóirí Curriculum Vitae a chur ar aghaidh chomh maith le litir chumhdaigh. Ba chóir píosa 500 focal a bheith sa litir chumhdaigh a dhéanann cur síos ar na cúiseanna gur mhaith leis an iarrthóir a bheith ina Eagraí Polaitíochta agus an méid gur mhaith leis/léi a bhaint amach sa ról. Ní mór an dá cháipéis a bheith i nGaeilge, agus iad a bheith mar chomhad amháin mar chuid den iarratas ar líne.
Is é an spriocdháta i gcomhair iarratais ná Déardaoin, an 20ú Deireadh Fómhair 2022 ag a 5i.n.
Beidh na hagallaimh ar siúl i rith na seachtaine dar tús an 24ú Deireadh Fómhair.
Tá RTÉ tiomanta don éagsúlacht ina lucht saothair agus fáiltíonn roimh iarratais ó dhaoine a bhfuil cúlraí éagsúla acu. Fostóir comhionannais deise é RTÉ agus déantar iarratais cáilithe a mheas gan beann ar inscne, gnéas chlaonadh, aois, taithí shóisialta, cine agus eitneacht, éagumas, stádas sibhialta an teaghlaigh, creideamh ná ballraíocht den Lucht Siúil.

- Tuairiscí agus agallaimh bheo a dhéanamh ar fheasacháin agus cláracha nuachta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta
- Tuairiscí agus pacáistí réamheagraithe a chur ar fáil don soláthar nuachta mar aon le sainchláracha ar théamaí polaitiúla a léiriú agus a láithriú ó am go chéile
- Cuidiú leis an Eagarthóir Stiúrtha Nuachta maidir le mór chraoltaí polaitíochta a eagrú, mar shampla, Lá an Chomhairimh, Lá na Cáinaisnéise, Ard-fheiseanna agus srl.
- Cur le soláthar polaitíochta na seirbhíse trí úsáid a bhaint as cur chuige ilmheáin (scéalta ar-líne, podchraoltaí, blagáil, meáin shóisialta agus srl.)
- Míreanna anailíse a chur ar fáil do ghnáth chraoladh agus gnáth sceideal na gclár de réir mar a theastaíonn
- Cláracha ginearálta agus gnéchláracha a sholáthar don sceideal nuair nach mbíonn Tithe an Oireachtais i mbun oibre
- Gaeilge den scoth, idir scríobh agus labhairt
- Tuiscint faoi leith ar shaol cultúrtha na tíre, ar phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta agus an tseirbhís a chuireann RTÉ Raidió na Gaeltachta ar fáil don phobal sin
- Cruthaitheacht, fiosracht agus samhlaíocht
- Scil agus spéis sa nua-theicneolaíocht agus in úsáid a bhaint as na meáin shóisialta chun críche nuachta, chun ábhar a sheachadadh agus cur leis an lucht éisteachta
- Scileanna eagrúcháin agus cumarsáide den scoth agus a bheith in ann oibriú as a stuaim féin nó mar chuid d’fhoireann léiriúcháin
Conradh lán aimseartha mar Chlár Reachtaire ar bhonn leanúnach le scála tuarastail ó €47,289 - €63,377 sa bhliain atá á thairiscint agus ina theannta sin liúntas €5,000 sa bhliain don ról mar Eagraí Polaitíochta.
Iarrtar ar iarrthóirí Curriculum Vitae a chur ar aghaidh chomh maith le litir chumhdaigh. Ba chóir píosa 500 focal a bheith sa litir chumhdaigh a dhéanann cur síos ar na cúiseanna gur mhaith leis an iarrthóir a bheith ina Eagraí Polaitíochta agus an méid gur mhaith leis/léi a bhaint amach sa ról. Ní mór an dá cháipéis a bheith i nGaeilge, agus iad a bheith mar chomhad amháin mar chuid den iarratas ar líne.
Is é an spriocdháta i gcomhair iarratais ná Déardaoin, an 20ú Deireadh Fómhair 2022 ag a 5i.n.
Beidh na hagallaimh ar siúl i rith na seachtaine dar tús an 24ú Deireadh Fómhair.
Tá RTÉ tiomanta don éagsúlacht ina lucht saothair agus fáiltíonn roimh iarratais ó dhaoine a bhfuil cúlraí éagsúla acu. Fostóir comhionannais deise é RTÉ agus déantar iarratais cáilithe a mheas gan beann ar inscne, gnéas chlaonadh, aois, taithí shóisialta, cine agus eitneacht, éagumas, stádas sibhialta an teaghlaigh, creideamh ná ballraíocht den Lucht Siúil.
seankuhnke.com is the go-to platform for job seekers looking for the best job postings from around the web. With a focus on quality, the platform guarantees that all job postings are from reliable sources and are up-to-date. It also offers a variety of tools to help users find the perfect job for them, such as searching by location and filtering by industry. Furthermore, seankuhnke.com provides helpful resources like resume tips and career advice to give job seekers an edge in their search. With its commitment to quality and user-friendliness, seankuhnke.com is the ideal place to find your next job.